Áirithint Sonraí na hOifige

Seoladh: Dunquin Harbour
Teileafón: +353 (85) 7751045
r-phost: blasketislandferries@hotmail.com
Lean muid ar:

Tábhachtach

Ba mhaith linn a chur in iúil dar gcuairteoirí go mbeidh ár mbáid farantóireachta ag rith mar is gnáth i 2017/18 ó Ché Dhún Chaoin. Má tá aon cheist/ceisteanna agaibh, ná bíodh aon leisce oraibh scéal a chur chuaghainn tríd aon cheann des na sonraí ar thaobh na láimhe clé don leathanach seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh as bhur dtacaíocht leanúnach.

Tabhair faoi deara Áirithint Comhairlítear do farantóireachta

Chun amharac ar an leathanach i mBéarla cliceáil anseo

Bádóírí an Bhlascaoíd Teo

Staír

Is iad an grúpa oileáin amach ó chósta Chiarraí ar a dtugtar 'Na Blascaodaí' an áit is faide siar san.

Eoraip. N'fheadar éinne i gceart cad as a tháinig an t-ainm 'Blascaod' - is mistéir é. Deir leagan amháin gur ón Lochlainnis 'brasker', rud a chiallaíonn 'baolach', a tháinig sé.

Cé go gcreidtear gur chur manaigh fúthu anseo breis is míle bliain ó shin aimsíodh an luathscríbhinn is sine ar Na Blascaodaí i gcartlann i Samancas na Spáinne le déanaí a thuairiscíonn daoine ag maireachtáil ar an mBlascaod Mór chomh fada siar le 1597. Thug Captaen loinge, údar na cáipéise, 'Yslas de Blasquesi' ar na hoileáin agus ait go leor luann sé go raibh Spáinnis líofa ag na daoine ann.

Tháinig athrú ar dhaonra an oileáin thar na céadta blianta ach in 1840 ceapadh go raibh isteach is amach le 150 duine ag maireachtaint ann. Faraor leis an nGorta Mór, 1846-1850, thit an líon sin go tubaisteach.

Thosaigh an daonra ag fás arís tar éis an ghorta, mar a dhein i gcuid mhór bailte beaga in Éirinn, agus faoi 1916 bhí an líon ba mhó, 176 duine idir fir, mná agus leanaí. Ach mo léan géar nios lú ná daichead bliain níos déanaí bhí An Blascaod Mór tréigthe ag a muintir. Bhí an rás thar tír amach tosaithe.

Staír

Saol an Oíleáín

Saol na Farraíge

Éanlaithe

Ag Síúl/An Tráígh

Fíodóír an Oíleáín

Gailearaí

www.000webhost.com