Áirithint Sonraí na hOifige

Seoladh: Dunquin Harbour
Teileafón: +353 (85) 7751045
r-phost: blasketislandferries@hotmail.com
Lean muid ar:

Tábhachtach

Ba mhaith linn a chur in iúil dar gcuairteoirí go mbeidh ár mbáid farantóireachta ag rith mar is gnáth i 2017/18 ó Ché Dhún Chaoin. Má tá aon cheist/ceisteanna agaibh, ná bíodh aon leisce oraibh scéal a chur chuaghainn tríd aon cheann des na sonraí ar thaobh na láimhe clé don leathanach seo. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh as bhur dtacaíocht leanúnach.

Tabhair faoi deara Áirithint Comhairlítear do farantóireachta

Chun amharac ar an leathanach i mBéarla cliceáil anseo

Bádóírí an Bhlascaoíd Teo

Saol na Farraíge

Tá an dara líon is mó rónta glas in Éirinn ar an mBlascaod Mór, breis agus 600 díobh. Bíonn coileáin le feiscint le linn séasúr na cúplálá (Meán Fómhair - Deireadh Fómhair) ar gach ceann de na hoileáin bheaga mórthimpeall an Bhlascoid Mhóir agus ar thuaisceart an oileáin sna cuais iargúlta.

Is éan taobh thall den dTráigh Bhán, ar an mór oileán, ceann de na háiteanna is rogha leis na rónta glasa agus is minic ann iad bolg le gréin go háirithe tar éis tréimhse fada droch aimsire. Bíonn siad de shíor i measc lucht snámha ar an dtráigh i rith an tsamhraidh.

Tá an fharraige agus na sceireacha mórthimpeall an Bhlascaoid beo le gach saghas beatha rud a mheallann creachóirí móra anseo. I measc na gcuairteoirí ar na hoileáin bíonn an Deilf Bholgshrónach, Deilf Choiteann, Deilf Liath, Droimeiteach Beag, an Chráin Dhubh, an Míol Mór Dronnach, an Mhuc Mhara Bheag agus an tlasc Gréine.


Níl sé neamhghnách cúpla Liamhán Gréine a fheiscint ag snámh in uisce éadomhain ag an dTráigh Bhán ar laethanta fíor the. Bí ag súil mar sin go mbeidh daoine ag teitheadh ón uisce ag caitheamh a lámha san aer agus eagla an domhain orthu. Cé gur féidir leis na siorcanna sin fás chomh mór le 35 troigh, maireann siad ar Bheatha Mhara agus ní baol don duine in aon sli.

Staír

Saol an Oíleáín

Saol na Farraíge

Éanlaithe

Ag Síúl/An Tráígh

Fíodóír an Oíleáín

Gailearaí

www.000webhost.com